Nuacht RTÉ

Síniú 6 mhí le smachtbhannaí an AE ar an Rúis

5 lá ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
á síníú sé mhí curtha ag ceannairí 27 dtír an Aontais Eorpaigh leis na smachtbhannaí ar na Rúis, in ainneoin imní a bhí ann go ligfeadh an Ungáir do na bearta dul i léig. Tá ceannaire na hUngáire Viktor Órban báúil leis an Rúis. ... ar lean »   buan-nasc »

Beidh Éire páirteach i scéim AE chun chórais cosanta a cheananch

5 lá ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Táthar ag súil go bhfógróidh an Tánaiste plean a d'fhágfadh go mbeadh sé níos éasca ar an Stát córais cosanta a cheannach, nuair a shíneoidh sé ionstraim de chuid an Aontais Eorpaigh inniu. ... ar lean »   buan-nasc »

Ocht scoil á ndúnadh don uair dheireanach inniu

5 lá ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Agus bunscoileanna ar fud na tíre ag tabhairt an téarma chun críche inniu, beidh ocht gcinn acu nach mbeidh á n-athoscailt san fhómhar. Scoileanna iad seo ar fad nach bhfuil ach idir 1 agus 6 dhalta cláraithe iontu, agus faoin tuath atá siad ar fad. ... ar lean »   buan-nasc »

'Áibhéil' ar bun ag Trump dar leis an Ayatollah Khamenei

6 lá ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Dúirt ceannaire na hIaráine an Ayatollah Ali Khamenei go raibh Uachtarán na Stát Aontaithe ag déanamh áibhéil faoin tionchar a bhí ag ionsaithe Mheiriceá ar ionaid núicleacha na hIaráine. ... ar lean »   buan-nasc »

Fear cúisithe faoi bhás fir i mBaile Brigín Dé Luain

6 lá ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Tugadh fear 41 bliain d'aois os comhair na cúirte dúiche i mBaile Átha Cliath inniu lena chúiseamh maidir leis an eachtra bóthair inar bhásaigh fear i mBaile Brigín oíche Dé Luain. ... ar lean »   buan-nasc »

Ardú mór ar líon na mban ag lorg cuidiú faoi íde sa mbaile

7 lá ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Tháinig 12% d'ardú ar an líon a bhí i dteagmháil leis an eagras Women's Aid anuraidh i gcomparáid leis an mbliain roimhe. ... ar lean »   buan-nasc »

40% d'Oifigí Poist chun dúnadh gan maoiniú – Máistrí Poist

7 lá ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Tá máistrí poist tar éis fainic a thabhairt gur ngearr go ndúnfar 40% de na hoifigí poist atá fágtha sa tír muna méadaíonn an Rialtas an maoiniú don ghréasán náisiúnta. ... ar lean »   buan-nasc »

Sinn Féin ag iarraidh an A5 a chinntiú san Iarthuaisceart

7 lá ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Deir Comhairleoir de chuid Shinn Féin i gCo Thír Eoghain gur buille mór an cinneadh atá déanta gan bóthar nua an A5 a cheadú ach deir sé go mbeidh an tAire Bonneagair i Stormont ar a dícheall ag iarraidh an togra a chinntiú. ... ar lean »   buan-nasc »

Ganntan coiléar ceadaithe mar bharr ar an ngéarchéim tithe

7 lá ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Tá cuideachtaí coincréite tar éis foláireamh a thabhairt gur gearr uainn easnamh suntasach i gcloch choiléir, chomh maith le gaineamh agus graibhéal, mar gheall a deir siad nach bhfuil cead pleanála á bhronnadh ar dóthain coiléar. ... ar lean »   buan-nasc »

Maoiniú breise NATO geallta le Trump a shásamh

7 lá ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Ceannairí na gCumhachtaí Móra i NATO le ardú mór i gcaiteachas cosanta a dhaingniú ag cruinniú mullaigh san Ísiltír ag a bhfuil an tUachtarán Trump le tíortha eile na Comhghuaillíochta a chur ar a suaimhneas go seasfaidh Meiriceá leo. ... ar lean »   buan-nasc »