Nuacht RTÉ

Luach €500k de shócmhainní tógtha ag CAB ó Kieran óg Keane

12 nóiméad ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Tá 2 theach i Luimneach tógtha ar lámh ag an mBiúró um Shócmhainní Coiriúla (CAB) ón gcoirpeach Kieran óg Keane. ... ar lean »   buan-nasc »

Fear os comhair cúirte faoi dhúnmharú mná 89 bliain d'aois

12 nóiméad ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Tugadh fear sna caogaidi os comhair Chúirt Dúiche an Aonaigh i gContae Thiobraid Árann ar maidin agus cúisíodh é i ndúnmharú mná 89 bliain d'aois breis is bliain ó shin. ... ar lean »   buan-nasc »

Humphreys agus Connolly i ngleic le chéile ar 'Morning Ireland'

1 uair ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Bhí sáraíocht láidir ar maidin idir na hiarrthóirí Uachtaránachta, Heather Humphreys (Fine Gael) agus Catherine Connolly (Neamhspleách) sa díospóireacht is deireanaí eatarthu a bhí ar siúl ar an gclár nuachta raidió de chuid RTÉ, 'Morning Ireland'. ... ar lean »   buan-nasc »

Cruinniú idir Orban agus Putin ar maidin

4 uair ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Tá Príomh-Aire na hUngáire, Viktor Orban le labhairt le hUachtarán na Rúise,Vladimir Putin ar maidin. ... ar lean »   buan-nasc »

55 leanbh ag fulaingt na coiriúlachta ar líne le 15 mí anuas

4 uair ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Le 15 mí anuas, rinneadh iarracht 55 leanbh a mhealladh ar líne i dtaca le mí-úsáid ghnéis dhe. ... ar lean »   buan-nasc »

Pianbhreith gearrtha ar thriúr faoi dhúnorgain Tom Niland

18 uair ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Gearradh téarmaí príosúin idir cúig bliana déag agus sé bliana déag ar thriúr fear a phléadáil ciontach i ndúnorgain fir 75 bliain d'aois a bhásaigh san ospidéal bliain agus trí ráithe i ndiaidh don triúr é a ionsaí ina theach cónaithe i gCo Shligigh ... ar lean »   buan-nasc »

Paul Murphy ag cur an dlí ar Heather Humphreys

21 uair ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Tá an Teachta Dála Paul Murphy ó Phobal Roimh Bhrabús ag cur an dlí ar iarrthóir Uachtaránachta Fhine Gael Heather Humphreys faoi chlúmhilleadh. ... ar lean »   buan-nasc »

Breithiúnas seachtain ó inniu i dtriail Shaighdiúir F

21 uair ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
I gcúirt i mBéal Feirste, dúirt an breitheamh i dtriail an fhir dá ngairtear Saighdiúir F go raibh súil aige breithiúnas a thabhairt seachtain ó inniu. ... ar lean »   buan-nasc »

Gaza: 'fórsa slándála idirnáisiúnta á thabhairt le chéile'

23 uair ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Táthar ag téisclim cheana i gcomhair fórsa idirnáisiúnta a chur go Gaza le maoirseacht a dhéanamh ar chúrsaí slándála ansin, a dúirt beirt chomhairleoirí ó Rialtas na Stát Aontaithe. ... ar lean »   buan-nasc »

'Tús suntasach ag Connolly ar Humphreys' – pobalbhreith

1 lá ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Tá iarrthóir na heite clé sa toghchán Uachtaránachta Catherine Connolly go mór chun tosaigh ar iarrthóir Fhine Gael Heather Humphreys, de réir na pobalbhreithe is deireanaí. ... ar lean »   buan-nasc »