Nuacht RTÉ

Scrúdú iarbháis inniu ar chorp déagóra a sádh i nDomhnach Míde

1 lá ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Tá scrúdú iarbháis le déanamh inniu ar chorp an ógánaigh a sádh agus a maraíodh in ionad cónaithe leis an ngníomhaireacht Tusla i nDomhnach Míde i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath inné. ... ar lean »   buan-nasc »

Ógánách sáite, maraithe in ionad Tusla i mBaile Átha Cliath

2 lá ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Sádh agus maraíodh ógánach in ionad cónaithe leis an ngníomhaireacht Tusla i nDomhnach Míde i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath ar maidin inniu. ... ar lean »   buan-nasc »

Tóibín thar a bheith míshásta faoi 'réamh-fhrithrún'

2 lá ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Dúirt ceannaire Aontú Peadar Tóibín gur léir gur iarracht an ghaoth a bhaint as seolta an pháirtí sin ab ea an rún muiníne sa Tánaiste Simon Harris a chuir an Rialtas os comhair Dháil Éireann inniu, agus dar leis go mb'fhonóideach an beart acu é. ... ar lean »   buan-nasc »

£1.2 milliún i ndamáistí ceadaithe do chúigear as drochíde

2 lá ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Tá £1.2 milliún i ndamáistí le roinnt idir cúigear iardhaltaí i scoil i gCo an Dúin a ndearna sagart nach maireann ionsaithe gnéasacha orthu sna 1970idí agus sna 1980idí. ... ar lean »   buan-nasc »

Gaza: leoraithe fóirithinte á ligean isteach

2 lá ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Tá an bealach isteach go cathair Rafah i ndeisceart Gaza le hoscailt arís ag na hIosraelaigh, a deir siad, le soláthairtí fóirithinte a ligean isteach ann tar éis do Hamas coirp thriúr giall a thabhairt ar láimh do Choiste Idirnáisiúnta na Croise Dei ... ar lean »   buan-nasc »

Déagóir eile cúisithe i ndúnmharú Barry Daly i gCo Chorcaí

2 lá ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Tugadh buachaill sé bliana déag d'aois os comhair Chúirt Dúiche Mhainistir na Corann i gCo Chorcaí ar maidin inniu agus é cúisithe i bhfear 44 bliain d'aois a dhúnmharú i sráidbhaile Dhún ar Aill i dtuaisceart an chontae an deireadh seachtaine seo ca ... ar lean »   buan-nasc »

Beirt cúisithe i ndúnmharú Barry Daly i dtuaisceart Chorcaí

3 lá ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Tugadh fear óg agus déagóir os comhair Chúirt Dúiche Mhala i gCo Chorcaí tráthnóna inniu agus iad cúisithe i bhfear 44 bliain d'aois a dhúnmharú i sráidbhaile Dhún ar Aill i dtuaisceart an chontae an deireadh seachtaine seo caite. ... ar lean »   buan-nasc »

Toghchán Uachtaránachta: Cúirt Choiriúil Speisialta idir chamáin

3 lá ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Soilsíodh an athuair an t-easaontas atá idir an bheirt iarrthóirí sa toghchán Uachtaránachta maidir leis an gCúirt Choiriúil Speisialta agus iad i mbun díospóireachta faoin gceist ar chlár raidió Pat Kenny ar Newstalk ar maidin inniu. ... ar lean »   buan-nasc »

Gaza: cáipéis síochána eisithe, easpa sonraí suntasach

3 lá ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Curtha ar fáil ag Rialtas na Stát Aontaithe tá téacs iomlán an fhorógra ghairid maidir le Gaza a shínigh an tUachtarán Donald Trump agus triúr ceannairí idirnáisiúnta eile in Sharm El-Sheikh san Éigipt inné. ... ar lean »   buan-nasc »

Caighdeán an uisce i ndobharlaigh an Stáit fós ag meath

3 lá ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Ag meath i gcónaí atá caighdeán an uisce i leath na n-aibhneacha agus lochanna sa Stát in ainneoin nach bhfuil an oiread truailleán ó fheirmeacha á sceitheadh iontu agus a bhíodh, a deirtear i dtuarascáil nua ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil ... ar lean »   buan-nasc »