Blaganna Gaeilge

An Bheatha Phléisiúrtha

4 seachtain ó shin‎ Smaointe Fánacha Aonghusa ‎
Bhí alt ag Pól Ó Muirí san Timire faoi leabhair fealsúnachta i nGaeilge. Ní fealsamh ná baol air mé féin, ach phrioc sé m'fhiosracht.Chuir mé fios ar an leabhar An Bheatha Phléisiúrtha leis an tAthair Fiachra OFM. Iasacht idir leabharlainne. Admhaím ... ar lean »   buan-nasc »

Gabhaim molta hiiker.app (agus East West mapping!)

4 seachtain ó shin‎ Smaointe Fánacha Aonghusa ‎
Nuair a thosaigh mise ag súil sléibhe (I seachtóidí an chéid seo caite!) is taobh le léarscáil 1/2 orlach in aghaidh an míle 1:126,720 a bhíomar. Nó, in áiteanna áirithe, orlach in aghaidh an míle - 1:63,360. Agus ní fhéadfaí brath orthu ... ar lean »   buan-nasc »

Ráth Chairn fliuch draoibeach an cheoil!

4 seachtain ó shin‎ Smaointe Fánacha Aonghusa ‎
Thug mé turas lae leis an damhsóir ar Féile na Gealaí cúpla bliain ó shin. I mbliana, bhí deis agam freastal ar an iomlán - le hOstarach gan Ghaeilge ar chuir mé aithne air le déanaí!N'fheadar an bhfuil an choiste buíoch díom - don gcéad ... ar lean »   buan-nasc »

Stair mo mhuintire (cuid acu, ar aon nós)

3 mí ó shin‎ Nótaí Imill ‎
Scríobh mo mhamó Kate McCormick Black, máthair mo mháthar, an stair seo. Níor athraigh mé an litriú ná an phoncaíocht den chuid is mó nuair a rinne mé tras-scríbhinn di. Tá na chéad abairtí maidir le Dougal agus Sylvester mícheart. Níl a fhios agam c ... ar lean »   buan-nasc »

Móreagrán Comhar - Litríocht na nÓg

3 mí ó shin‎ Smaointe Fánacha Aonghusa ‎
Dé Céadaoin na seachtaine seo caite rinne mé mo bhealach go dtí Leabharlann Rath Maoinis áit ar seoladh Móreagrán Comhar ar litríocht na nÓg. Bhí agallamh phoiblí spéisiúil ann, Deirdre Ní Fhloinn ag cuir ceisteanna ar Lydia Uí Ruairc, ao ... ar lean »   buan-nasc »

Gradaim na Gaeltachta 2025.

4 mí ó shin‎ gaeltacht21 ‎
Tá Údarás na Gaeltachta ag lorg iarratas ó eagraíochtaí pobail agus coistí deonacha ar fud na Gaeltachta do chomórtas náisiúnta Ghradaim na Gaeltachta 2025. Is deis iontach é seo d'eagraíochtaí a gcuid oibre a chur i láthair agus aitheantas a fháil d ... ar lean »   buan-nasc »

Fàrdach: ó bhád go teach

4 mí ó shin‎ Nótaí Imill ‎
 Fàrdach. Sin focal Gàidhlig a chiallaíonn “teach, áras, lóistín”. Is focal coitianta é. Tá dhá leagan malartach ann freisin: àrdach, fàrdrach.  Bhí mé ciaptha aige toisc nach bhfuil an scéal taobh thiar de soiléir. Bíonn an scéal taobh thiar den fho ... ar lean »   buan-nasc »

Don airgead an breogán, don ór an sorn; ach le croíthe a phromhadh, tá

4 mí ó shin‎ Smaointe Fánacha Aonghusa ‎
Tá Fionn s'againne tar éis críoch a chur le máistreacht san amhránaíocht Opera agus i mbun cúrsa dhá bhliain chun barr feabhais a bhaint amach - rud a thógann tamall ar dhord!Ar mhaithe le taithí agus oiliúint cuirtear píosaí ar stáitse l ... ar lean »   buan-nasc »

Máinliacht fileata

4 mí ó shin‎ Smaointe Fánacha Aonghusa ‎
Rogha dánta thar gairmré Áine Ní Ghlinn atá sa dhíolaim seo. Ní scíthléitheoireacht atá sna dánta seo, ach tá tairbhe sa léamh. Ga an mháinlia ag pléascadh neascóid an mhí-úsáid agus an cos ar bolg. Ag scaoileadh an brach as. Ag soilsiú a ... ar lean »   buan-nasc »

Ceol Ársa Cláirsí

4 mí ó shin‎ Smaointe Fánacha Aonghusa ‎
Thug mo shonuachar mé go dtí amharclann an Mermaid aréir. Ceolchoirm faoi stiúir Éamonn Sweeney, a bhfuil roinnt oibre déanta aige freisin leis an Barn Ensemble atá faoina stiúir. Ceol Éireannach a bhfuil scríbhinní chomh fada siar leis a ... ar lean »   buan-nasc »