Nuacht RTÉ

Gaza: 'caithréim agus tús le ré stairiúil is ea an sos cogaidh'

7 uair ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
In óráid a thug sé uaidh i bparlaimint Iosrael, dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump go raibh "deireadh tagtha le tromluí na nIosraelach agus na bPalaistíneach araon" tar éis d'Iosrael agus do Hamas plean síochána Trump maidir le Gaza a tho ... ar lean »   buan-nasc »

Príosún gearrtha ar fhear óg a ghlac páirt i gcíréibeacha

10 uair ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
I gCúirt Chuarda Choiriúil Bhaile Átha Cliath, gearradh ceithre bliana príosúin – an ceann deireanach ar fionraí – ar fhear óg a phléadáil ciontach i bpáirt a ghlacadh i gcíréibeacha sa chathair arú anuraidh agus i dtram Luas a chur trí thine. ... ar lean »   buan-nasc »

Beirt gafa faoi mharú Barry Daly i dtuaisceart Chorcaí

12 uair ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Tá beirt gafa ag na Gardaí i gCo Chorcaí maidir le marú fir i sráidbhaile Dhún ar Aill i dtuaisceart an chontae ar an deireadh seachtaine. ... ar lean »   buan-nasc »

Aonad nua le hoscailt in Ospidéal na hOllscoile, Luimneach

12 uair ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Osclófar go hoifigiúil inniu aonad nua in Ospidéal na hOllscoile, Luimneach, ina bhfuil 96 leaba bhreise. ... ar lean »   buan-nasc »

Trump in Iosrael, gialla agus cimí scaoilte saor

14 uair ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Tá Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump tagtha go hIosrael lena shéala pearsanta a chur ar an bplean síochána maidir le Gaza atá leagtha amach aige agus a bhfuil glactha ag Iosrael agus Hamas leis. ... ar lean »   buan-nasc »

'Plé stuama thar mhíchlú a theastaíonn' – Connolly

3 lá ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Tá sé séanta ag iarrthóir Fhine Gael sa toghchán Uachtaránachta Heather Humphreys go bhfuil feachtas clúmhillte ar bun ag an bpáirtí sin in aghaidh an iarrthóra neamhspleách ón eite chlé Catherine Connolly. ... ar lean »   buan-nasc »

Príosún saoil gearrtha ar fhear as bean a dhúnmharú in 2022

3 lá ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, gearradh príosún saoil ar fhear 56 bliain d'aois faoi bhean a dhúnmharú nuair a chuir sé a teach cónaithe trí thine i mBaile Átha Cliath beagnach trí bliana ó shin. ... ar lean »   buan-nasc »

Príosún saoil gearrtha ar fhear a dhúnmharaigh a iníon óg

3 lá ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Tá fear 35 bliain d'aois tar éis pléadáil ciontach i ndúnmharú a iníne agus in iarracht a dhéanamh a bhean chéile a dhúnmharú i gCo Loch Garman anuraidh. ... ar lean »   buan-nasc »

Duais Síochána Nobel bronnta ar María Corina Machado

3 lá ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Is í an polaiteoir freasúra as Veiniséala, María Corina Machado, buaiteoir Dhuais Síochána Nobel na bliana seo. ... ar lean »   buan-nasc »

Gaza: fórsaí Iosrael ag tarraingt siar go línte tosaigh nua

3 lá ó shin‎ Nuacht RTÉ ‎
Tuairiscítear go bhfuil fórsaí míleata Iosrael tarraingthe amach as roinnt ceantar in Gaza, lena n-áirítear Cathair Gaza agus Khan Younis, tar éis do Rialtas Iosrael glacadh i gcruinniú tráthnóna inné le plean síochána Uachtarán Mheiriceá Donald Trum ... ar lean »   buan-nasc »